Cén allatróp de chuid carbóin a úsáidtear mar bhealadh?
Graifít
Cén sort struchtúr é seo?
Oll-laitís ianach (le nascadh ianach idir iain luchtaithe go hurchomhaireach)
Cad is nasc ianach ann?
Aomadh láidir idir iain luchtaithe go hurchomhaireacha - miotal is neamhmhiotal de ghnáth
Cad é an siombail fá choinne nasc comhfhiúsach
líne amháin singil idir adaimh
*Tarraing an nascadh i móilín dé-ocsaíd charbóin (leictreoin seachtracha amháin)
Cad is ian ann?
caithnín luchtaithe, a fhoirmítear nuair a ghnóthaíonn nó a chailleann adamh leictreoin
Luaigh 3 airí fisiceach atá ag comhdhúile ianacha
Leáphointí is fiuchphointí arda, seoltóirí maithe teasa, seoltóirí maithe leictreachas agus iad leáite (ní sheolann mar sholad), briosc, intuaslagtha in uisce
Is í an mhais adamhach choibhneasta na an mhais d'adamh i gcomparáid leis sin d'iseatóip den dúil........
carbón, ag a bhfuil mais de 12 go cruinn aige.
Cad is nasc comhfhiúsach ann?
dís leictreoin comhroinnte
* Mínigh cad chuige a bhfuil miotal intuargainte
Is féidir leis na cisil d'iain sleamhnú thar a chéile gan an nasc miotalach a bhriseadh (mar gheall ar aomadh ó na leictreoin dí-logánaithe)
*Cad is nascadh miotalach ann?
Aomadh idir na hiain dheimhneacha agus na leictreoin dhí-logánaithe is laitís rialta (an mhiotal)
Luaigh 2 úsáid le graiféin
i gcadhnraí agus grianchealla
*Mínigh cad chuige a bhfuil leáphointí arda ag formhór na miotal
Bíonn cuid mhór fuinnimh de dhíth leis na naisc láidre idir na caitian agus na saor-leictreoin a bhriseadh
Cad é an t-ainm atá ar an chinéal de struchtúr atá ag graifít?
oll-chomfhiúsach
Cad is ian móilíneach ann?
Caithnín luchtaithe le níos mó na adamh amháin ann
Luaigh 3 airí fisiceach atá ag struchtúir móilíneacha comhfhiúsacha
fiuchphointe íseal, drochsheoltóirí teasa is leictreachais, mar gás nó leacht de ghnáth ag teocht an tseomra
Cad is móilín ann?
2 adamh nó níos mó atá nasctha go comhfhiúsach
*Cén sort struchtúr é seo?
Struchtúr miotalach
Luaigh 3 airí atá ag ocsaíd sóidiam
3 ó: leáphointe/fiuchphointe ard, seoltacht leictreach agus é leáite/ina tuaslagán, intuaslagtha de ghnáth (nó ní sheolann sé leictreachas mar sholad), briosc
Luaigh 3 airí fisiceach atá ag na miotail
Leáphointe ard de ghnáth, seoltacht maith leictreachas, seoltóir maith teasa, intuargainte, insínte, léiríonn sondas, lonrach de ghnáth
Tabhair 3 shampla de chomhdhúil ianach
comhdhúil ar bith ina bhfuil miotal is neamh-mhiotal, comhdhúile ammóinam
Luaigh 3 airí fisiceach atá ag Diamant
An-crua, ní sheolann leictreachas, ní sheolann teas, leáphointe an-ard
Ainmnigh 3 allatróp de chuid carbóin
Diamant, graifít agus graiféin
Caidé a chiallaíonn dé-adamhach?
2 adamh nasctha go comhfhiúsach i móilín
Bíonn formhór na comhdhúile ianacha intuaslagtha in uisce
Fíor
Bréagach
Tarraing structúr clóiríd hidrigine le léaráid cros agus ponc (leictreoin seachtracha amháin)
*Cad an an t-ainm atá ar ian diúltach?
Ainian
*Cad an an t-ainm atá ar ian deimhneach?
Caitian
Cén allatróp de chuid carbóin a úsáidtear in uirlisí gearrtha?
Diamant
Cén struchtúr atá ag graiféin?
Ciseal amháin de ghraifít atá ar aon adamh de thiús
Cad é a choinníonn na hiain le chéile i nascadh ianach?
Fórsa láidir leictreastatach
*Tarraing struchtúr Nítrigine mar léaráid cros is ponc (leictreoin ar fad)
Cén grúpa dúile a mbíonn páirteach i nascadh comhfhiúsach?
Na neamh-mhiotail
Your experience on this site will be improved by allowing cookies.