Study

C2 dul siar

  •   0%
  •  0     0     0

  • Is féidir le hidrigin imoibriú le bróimín le bróimíd hidrigine a fhoirmiú in imoibriú inchúlaithe. Scríobh an chothromóid chothromaithe siombailí don imoibriú inchúlaithe seo.
    H2 + Br2 --> 2 HBr
  • Cuir síos ar an athrú datha a tharlaíonn nuair a théitear carbónáit chopair.
    glas --> dubh
  • Ainmnigh an mhian a ndéantar í a íonú le halúmana a dhéanamh
    baicsít
  • Nuair a théitear carbónáit chopair tarlaíonn dianscaoileadh teirmeach di. (i) Scríobh cothromóid chothromaithe siombailí don imoibriú seo.
    CuCO3 → CuO + CO2
  • Ríomh an mais fhoirmle choibhneasta: hiodrocsaíd mhaignéisiam Mg(OH)2
    58
  • Scríobh cothromóid focal d’eastóscadh an iarainn ó ocsaíd iarainn(III).
    iron(III) oxide + carbon monoxide → iron + carbon dioxide
  • I monarú an alúmanaim is féidir an t-imoibriú ag an chatóid a léiriú mar: Al3+ + 3e → Al An ocsaídiú, dí-ocsaídiú nó ocsdí atá sa chineál seo imoibrithe
    dí-ocsaídiú - iain alúmanaim ag gnóthú leictreoin
  • Cad é an gás a tháirgtear nuair a dhéanann miotal imoibriú le gal uisce?
    hidrigin
  • ) Scríobh cothromóid chothromaithe siombailí do dhóchán neamhiomlán an charbóin.
    2C + O2 → 2CO
  • Cén céatadán den aer ar nítrigin é?
    78%
  • Cén teicníc cheimiceach a úsáidtear leis na codáin a dheighilt in amhola?
    driogadh codánach
  • Cuir síos ar an athrú datha a tharlaíonn nuair a chuirtear uisce le sulfáit chopair ainhidriúil braon ar bhraon.
    bán --> gorm
  • Ríomh an mais fhoirmle choibhneasta de: carbónáit sóidiam Na2CO3
    106
  • Cé acu sraith homalógach lena mbaineann eitéin?
    ailcéin
  • Ainmnigh an dá tháirge a fhoirmítear trí dhóchán iomlán meatáin
    dé-ocsaíd charbóin agus uisce
  • Cad é a chiallaíonn an téarma imoibriú inchúlaithe?
    is féidir le táirgí athrú ar ais go himoibreáin
  • Luaigh úsáid amháin ata ag Nítrigin
    fuarú/pacaistiú
  • Ainmnigh comhdhúil chailciam a fhoirmítear nuair a chuirtear boilgeoga dé-ocsaíd charbóin trí thuaslagán hiodrocsaíd chailciam (aoluisce).
    carbónáit chailciam
  • Cad é an tuiscint atá agat ar an téarma “mól substainte”?
    maid fhoirmle choibhneasta (Mr) substainte i ngraim
  • scríobh an chothromóid focal don imoibriú díláithriúcháin a tharlaíonn idir maignéisiam agus sulfáit since.
    maignéisiam + sulfáit since --> Sulfáit mhaignéisiam + sinc
  • Cad é an éifeacht atá ag aonocsaíd charbóin ar an fhuil a fhágann go bhfuil sí tocsaineach do dhaoine?
    glacann sé áit ocsaigine sna fuilchealla dearga
  • Tarraing an fhoirmle struchtúrach: Eatánól
    C2 H5 OH