Game Preview

AS 2 Tástálacha

  •  Scottish Gaelic, Gaelic    20     Public
    tástálacha luaite in AS 2 CCEA ceimice
  •   Study   Slideshow
  • Caidé a chiallaíonn lasair thoiteach/shúiteach nuair a dhóitear hidreacarbón?
    Go bhfuil dóchán neamh-iomlán ag tarlú NÓ go bhfuil cion ard charbóin ag an hidreacarbóin
  •  15
  • Caidé a léiríonn lasair ghorm/neamh-thoiteach/neamh-shúicheach le linn leacht a dhó?
    Go bhfuil dóchán iomlán ag tarlú ag comdhúil le cion/% níos ísle charbóin
  •  15
  • Cad iad na breathnaithe nuair a gcuirtear sóidiam in alcól?
    imíonn an solad as radharc, éiríonn an meascán te, giosáil/broidearnach
  •  15
  • Cad iad na breathnaithe nuair a chuirtear alcól le criostail peantachlóiríd fosfair?
    Imíonn an solad as radharc, éiríonn an meascán te, fuaim siosarnaí, múch ghalach/cheomhar
  •  15
  • Caidé an dóigh le halcóil príomhúla is tanáisteacha a ocsaídiú?
    Cuir le tuaslagán dé-chrómáit(VI) photaisiam aigéadaithe agus téigh i ndabhach uisce.
  •  15
  • Cad iad na breathnuithe nuair a dhéantar alcól príomhúil nó tanáisteach a oscaidiú le déchromáit(VI) photaisiam aigéadaithe ?
    1. Athraíonn an tuaslagán ó oráiste go glas 2. athrú boladh mar gheall ar foirmiú aildéad nó Céatón
  •  15
  • luaigh tástáil amháin (A) fá choinne grúpa -OH/alcól/COOH
    Cuir le criostal PCl5 agus ansin cuir an gás scaoilte (HCl) le tuaslagán amóinia tiubhaithe - feictear toit bhán (NH4Cl)
  •  15
  • Tástáil fá choinne halaigionalcán
    Cuir cupla braon eatánol le 1ml, ansin cuir niotráit airgid leis agus téigh i ndabhach uisce: deascán: bán (mall)- clóralcán; banbhuí- brómalcán; buí-iadalcán
  •  15
  • Cén dóigh gur féidir ailcéin a idirdhealú ó alcán?
    Croith sampla le uisce bróimíne agus athróidh an dath ó oráiste go héadathach don ailcéin amháin (msh éitéin)
  •  15
  • Cén tástáil atá ann fá choinne polaraíocht-leacht intuaslagtha/polach?
    Suaith/corraigh le huisce. Má dhéantar 1 chiseal amháin leachta, tá an tsubstaint polach (déanann sé nascadh-H le huisce)
  •  15
  • Cén tástáil fá choinne leacht neamhpholach?
    Suaith/corraigh le huisce. Má dhéantar 2 chiseal leachta, tá an tsubstaint neamhpolach msh heacsán, cioglaiheacsán, meitilbeinséin
  •  15
  • Cad iad na breathnuithe nuair a chuirtear uisce le Mg?
    beagán boilgeoga táirgthe go mall; éiríonn an miotal murtallach ina dhiaidh ama
  •  15
  • Cad iad na breathnuithe nuair a chuirtear uisce le cailciam?
    Giosáil; éiríonn an meascán te; éiríonn is titeann an miotal; imíonn an miotal as radharc; táirgtear solad bán
  •  15
  • Cad iad na breathuithe nuair a chuirtear HCl le miotail grúpa II?
    Giosáil; éiríonn an meascán te; imíonn an solad as radharc;
  •  15
  • Cad iad na breathnuite nuair a chuirtear aigéad sulfarach le Mg?
    Giosáil; éiríonn an meascán te; imíonn an solad as radharc;
  •  15
  • Cad iad na breathnuithe nuair a chuirtear aigéad sulfarach le Ca?
    Giosáil; stopann an t-imoibriú (foirmíonn ciseal de shulfáit chailciam dothuaslagtha)
  •  15